Raidió Nascanna - Ceol agus caint, as Gaeilge

Amhráin, rannta, ceol agus eile, ...

Cuirimis ceol iontach na nGael chun cinn! Is ar éigean a chloistear é ar na cainéil náisiúnta, seachas ar Raidió na Gaeltachta, stáisiún a bhfuil cúraimí níos tábhachtaí air. Níl sruth mar seo ann cheana féin, go bhfios dúinn.

Más ceoltóir tusa, agus fonn ort do chuid ceoil a chur ar an gcainéal, déan teagmháil linn ag raidio ag durud.ie. Bí cinnte nach le héinne eile na cearta a ghabhann le do chuid ceoil!

Ba mhaith linn daoine a mhealladh leis an gceol a cheannach mar aon le heolas a chur ar fáil maidir le ceolchoirmeacha.

... agus amach anseo:

Tá súil againn go dtabharfar an t-aitheantas cuí d’amhráin i nGaeilge, ar laghad ar bhealadh níos feiceálaí ná mar a dtugtar anois. Ansin, b’fhéidir féilte a eagrú agus an slua a a bhailiú thart timpeall. Cá bhfios...

Rannpháirtithe

Seo a leanas atá rannpháirteach sa togra:

Tá súil againn neart ceoltóirí eile a chloisteáil ar an gcainéal seo, go háirithe mná na hÉireann... Nílimid ach ag tosú.

Sceideal

I láthair na huaire tá na míreanna ceoil á seinm go fánach, gan ord ar leith. Tá súil againn a bheith in ann amchlár le struchtúr a bheith againn amach anseo. Idir an dá linn, bain taitneamh as!

Cluaisíní agus Callairí

Mholfaimis don té atá ag éisteacht go mbaine sé nó sí leas as cluaisíní nó callairí maithe chun an taitneamh is fearr a bhaint as an gceol atá á sheinm.